Bishops' Advisory Commission on Doctrine
Added on 25/05/2011
Bhí seastán ag Cumann Gaelach na hEaglaise ag Ard Shionad Eaglais na hÉireann in Ard Mhacha 12-14 Bealtaine. Ba é seo an chéad uair go raibh an Cumann ag an Ard Shionad.

Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge, agus Aonghus Dwane, Rúnaí Oinigh, Cumann Gaelach na hEaglaise, Ardsionad Ard Mhacha
Thug Príomháidh na hEaglaise, Alan Harper, óráid uaidh ag moladh go mbeadh Eaglais na hÉireann níos paiseanta ina gcuid ministreachta, agus go mbeadh comhrá agus díospóireacht níos bríomhaire ag lucht na hEaglaise. Bhí thart ar 500 duine ón Eaglais ann, idir chléir agus tuath agus as gach deoise ar an oileán.
Ní raibh aon easpa téagair ag seastán Chumainn Gaelach na hEaglaise. Léirigh neart daoine spéis sa Ghaeilge agus bhí mórán díobh an-dearfach mar gheall uirthi, agus ráitis uathu mar a leanas:
“Rinne mé cinneadh í a fhoghlaim. Ní raibh sé éasca dom í a fhoghlaim i mBéal Feirste i rith na seascaidí ach lean mé ar aghaidh mar bhí sé tábhachtach dom”.
“Ní raibh focal Gaeilge agam mar rugadh mé i Sasana ach bhí mé ag déanamh freastail ar phobal na Gaeltachta agus chreid mé go raibh dualgas orm í a fhoghlaim mar chuid de mo mhinistreacht”.
“Tá mo chuid Gaeilge as cleachtadh agus mothaím ciontach nach bhfuil mé ag déanamh iarracht níos fearr í a úsáid i mbun seirbhísí. Níl aon leithscéal agam anois, tá an bhileog dhátheangach seo leis na paidreacha coitianta air an-mhaith ar fad”.
“An bhfuil aon seans go mbeadh leagan foghraíochta agaibh domsa? Níl aon Ghaeilge agam ach ba mhaith liom go mbeidh mé in ann cúpla paidir, “Ár nAthair”, mar shampla- a rá i nGaeilge.”

Íoslódáil anois, cliceáil anseo
Dúirt an tUrr. Máirt Hanley, ball Choiste Chumann Gaelach na hEaglaise.
“Bhíomar an-sásta leis an tacaíocht agus spéis a léirigh pobal na heaglaise sa teanga. Tá obair le déanamh againn. Tá acmhainní nua againn agus bhí éileamh mór ar an mbileog dhátheangach leis na paidreacha coitianta air. Is léir go bhfuil an doras breá oscailte don Ghaeilge. Tá pobal na heaglaise sásta an chéim sa bhreis a ghlacadh chun Gaeilge a úsáid. Tá siad bródúil as an ról a bhí ag baill na hEaglaise in athbheochan na Gaeilge agus is léir go bhfuil an nasc seo beo beoga go fóill”.
Tuilleadh eolais maidir le seirbhísí i nGaeilge, foilseacháin do Chumann Gaelach na hEaglaise, nó teagmháil a dhéanamh linn, gaeleaglais@gmail.com nó www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com or telephone Caroline Nolan, 026 45741 or 085 1632 772
