Home

Church of Ireland Home

An Ghaeilge agus Eaglais na hÉireann

An Ghaeilge agus Eaglais na hÉireann

An Ghaeilge
An Ghaeilge
An Ghaeilge
Bí an Ghaeilge príomhtheanga mhuintir na hÉireann le linn an chuid is mó dá stair annáilte. Thug na Gaeil (ar a dtugtaí na Scotii an tráth úd) í go hAlbain agus chuig Oileán Mhanainn. B’as sin a d’fhás Gàidhlig na hAlban agus Gaelg Mhanainn. Is sa Ghaeilge atá an litríocht dhúchais is ársa in iarthar na hEorpa. Sa lá atá inniu ann is céad–theanga oifigiúil Phoblacht na hÉireann í, tá sí aitheanta i dTuaisceart Éireann mar theanga mhionlaigh agus is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í.

Le teacht na nAngla–Normannach déanach sa 12ú haois tháinig maolú de réir a chéile ar áit na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i mbailte móra eile, cé go raibh na húdaráis buartha ar feadh na céadta bliana go raibh go leor de na coilínigh, ní amháin tar éis glacadh le nósanna sóisialta na nGael, ach go rabhadar freisin ag labhairt na teanga. Go dtí go maith istigh sa 17ú céad bhí sí fós mar theanga ag tromlach an phobail. Tháinig meath drámata uirthi sa 19ú haois, áfach, de dheasca an Ghorta Mhóir agus bunoideachas stát–urraithe bheith á leathnú ar fud na tíre agus é á chur ar fáil go huile is go hiomlán trí mheán an Bhéarla. I gceantair áirithe mhair an Ghaeilge mar theanga phobail agus mar mheán teagaisc i gcuid de, ach ní in iomlán, na scoileanna ‘scairte’ nó scoileanna ina gcaití íoc. Ach bé an Béarla, agus é mar theanga ag na haicmí polaitiúla, proifisiúnta agus gnó, a chonacthas mar eochairtheanga an bhreisoideachais agus an dul chun cinn sóisialta.

Bhí an teanga chomh mór sin i mbaol faoi dheireadh na 19ú haoise, nuair a bhí a húsáid laethúil teoranta do na ceantair Ghaeltachta san iardheisceart, san iarthar agus san iarthuaisceart gur bunaíodh eagraíocht a raibh a caomhnú mar bhunaidhm aici, Conradh na Gaeilge. Ar dhuine de bhunaitheoirí an Chonartha bhí Dubhghlas de hÍde, mac leis an reachtaire i nDún Gar, Co. Ros Comáin. Ceantar é seo inar tháinig an Ghaeilge slán faid áirithe agus mheall sí samhlaíocht de hÍde óg mar a rinne sí i gcás roinnt ball eile d’Eaglais na hÉireann.

Eaglais na hÉireann agus an teanga san am atá thart
Bíonn plé nach beag fós ann faoin méid inar féidir teip fhorleathan chinnirí an Reifirméisin in Éirinn tabhairt ar an mórphobal glacadh le teagasc na hEaglaise Bunaithe a chur i leith na slí ina raibh siad beag beann ar an bhfíric gurbh í an Ghaeilge a bhí á labhairt ag tromlach mór an phobail. Is cinnte go raibh feall a imirt acu ar cheann de phrionsabail ríthábhachtacha an Reifirméisin: an Eaglais a chur os comhair an phobail ina dteanga féin. Rinneadh iarrachtaí áirithe. Bé an chéad leabhar a cuireadh faoi chló i nGaeilge in Éirinn ná aibítear agus caiticeasma i nGaeilge a foilsíodh le cló a bhí bronnta ag an mBanríon Eilís I. Ina dhiaidh sin, bhí an tEaspag Bedell ón gCill Mhór taobh thiar d’aistriúchán Gaeilge den Sean–Tiomna a bheith déanta– cuireadh é seo i gcló blianta fada i ndiaidh a bháis, i 1685, mar aon le haistriúchán ar an Tiomna Nua le Uilliam MacDomhnaill, Ardeaspag Thuama. Cúis ríthábhachtach eile le teip an Reifirméisin dul chun cinn níos fearr a dhéanamh ba ea easpa cléireach le Gaeilge (in ainneoin an cheanglais a leag Bedell síos, agus é ina phropast ar Choláiste na Tríonóide, go gcaithfeadh ábhair mhinistrí, a bhí le bheith ag cleachtadh i gceantair Ghaeltachta, freastal ar ranganna Gaeilge). Thairis sin, bhí tuairim fhorleathan ann sna ciorcail pholaitiúla agus eaglasta go gcaithfeadh an Reifirméisean dul lámh ar láimh le ‘sibhialú’ (i bhfocail eile, Galldú) na ndaoine. Bhí díbirt na Gaeilge ón saol poiblí mar chuid bhunúsach den phróiseas Galldaithe sin. Rinneadh iarrachtaí breise an reiligiún athchóirithe a chur chun cinn go luath san 19ú haois sa “dara reifirméisean”, go háirithe in Iarthar na hÉireann, le húsáid ábhar adhartha i nGaeilge agus le himlonnú cléireach le Gaeilge.

Ach in ainneoin dearcadh na n údarás eaglasta a bheith mar a bhí, d’fhág scoláirí le cúlra Eaglais na hÉireann an athbheochan mhór sa léann Ceilteach ó lár go deireadh na 19ú haoise faoina gcomaoin, gona léirthuiscint úr acadúil ar an nGaeilge agus ar an litríocht. Tá Dubhghlas de hÍde, a toghadh ina chéad uachtarán ar stát Éireannach neamhspleách, luaite cheana féin againn i ngeall ar an ról ceannródaíoch a bhí aige i mbunú Chonradh na Gaeilge, ina phearsa ceannasach i saol stair na Gaeilge i gcónaí. Ach bhí scoláirí eile ann ina measc ministrí dála James Henthorn Todd, Charles Graves agus EJ Gwynne. Bhí go leor tuataí ó Eaglais na hÉireann chun tosaigh san Athbheochan Liteartha Angla Éireannach, go háirithe WB Yeats, Lady Augusta Gregory, JM Synge agus Seán O’Casey, agus iad uile faoi anáil agus tiomanta don Ghaeilge agus don chultúr a ghabhann léi.

An teanga in Eaglais na hÉireann sa lá atá inniu ann
Bhí tiomantas do shlánú na Gaeilge, agus i gcás daoine áirithe (de hÍde ina measc) a hathbheochan mar ghnáth–mheán cumarsáide, ag éirí níos coitianta i measc acadúlach de chuid Eaglais na hÉireann, ach fosta i measc mionlach beag ach dúthrachtach de na gnáth–bhaill Eaglaise. Agus anáil láidir na hathbheochana cultúrtha thuasluaite á spreagadh, bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise i 1914 agus í mar aidhm aige spiorad na sean–Eaglaise Ceiltí a chaomhnú maille leis an nGaeilge agus ealaíon is ceol Gaelach a chur chun cinn ina saol agus ina adhradh. Bhí an Cumann, a fhaigheann maoiniú ón Sionad Ginearálta, freagrach as foilseacháin mór le rá dála An Tiomna Nua, leis an gCanónach Cosslett Ó Cuinn agus a aistriúchán ar Ord Ceiliúrtha na Comaoine Naofa, dá ngairtear i nGaeilge an tAifreann i 1984. D’fhoilsigh an Cumann chomh maith Leabhar na hUrnaí Coitinne 2004, a bhuíochas cuid mhór do shaothar an Urr. Gary Hastings agus a bhean, Caitríona. Bhí seirbhísí rialta i nGaeilge le blianta fada anuas i mBaile Átha Cliath agus níos déanaí in Ard Mhacha, i mBéal Feirste, i nGaillimh agus i gCill Chainnigh. Bíonn seirbhís idirchreidmheach i nGaeilge gach bliain do Sheachtain Urnaí na hAontachta Críostaí in Ard–Teampall Chríost, Baile Átha Cliath, mar a bhfuil an Cumann bunaithe agus mar a chanann cór an Ard–Teampaill Urnaí na Nóna, a choimisiúnaigh an Cumann. Bíonn alt i nGaeilge go rialta i Church Review Bhaile Átha Cliath agus Ghleann Dá Locha agus colún ócáideach sa Church of Ireland Gazette.

Tugadh spreagadh mór d’obair an Chumainn nuair a ceapadh oifigeach forbartha teanga lánaimseartha i 2011 chun a chuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn. Ta an ceapachán seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge, foras Thuaidh–Theas a bhfuil maoiniú stáit aige.

The above information copyright
©2014 APCK